Bhí sí ag teagasc an cheoil ar feadh cúpla bliain, bhí dúil aici ansin. Ceolann sí amhrán “Thíos Cois na Trá Dom”.
Ag siúl cois na trá dom i ndoimhneacht na hoíche,
An saol mór na gcodladh agus mise liom féin,
Na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar,
Cosúil le hanamnacha bochta i bpéin.
Thíos fán chladach tá na bádaí ar feistiú,
Ar snámh mar bheadh ealaí ar bharr na dtonn,
An t-uisce ag slioparnaigh thart fána dtaobhann',
'S iad ag bogadh sa chiúnas anall a's anonn.
Iomlán gealaí agus iomlán rabhartá,
Aoibhneas a's ciúnas a's áilleacht sa domhan,
Crónán na farraige 'dul siar i mo chluasa,
A's bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn.
Istigh ar na hinseáin tá sean reilig bheannaithe,
An áit ar mhair naoimh in san aimsir fadó,
Tá daoine istigh ann a chaith seal go haerach,
Ach ní shiúlfaidh siad thart fá na cladaigh níos mó.
Bhuail uaigneas m'intinn 's mé ag amharc ar an reilig,
Mé ag meabhrú ar dhaoine a bhí istigh ina luí,
Fir a's mná óga, seandaoine a's páistí,
Muintir mo mhuintir agus cairde mo chroí.
Tá na coiligh ag glaoch’s tá na réalta a' bánú,
Tá an ghealach ina luí agus ní fada go lá,
Slán agat anois a sheanreilig bheannaithe,
Agus ag na daoine a shiúladh liom thart cois na trá.
Fad: 00:03:58 Éist
Ceolann sí amhrán “A Shean-Dún na nGall.”
Is grá geal mo chroí thú, 'Thír Chonaill, a stór,
'Do luí mar bheadh seoid ghlas san fharraige mór,
Ó gráim thú i gcónaí go moch is go mall,
Is molfaidh mé a choích' thú, a Shean-Dún na nGall.
Níl contae in Éirinn níos deise ná thú,
Níl daoine sa domhan níos fearr cáil is clú,
Ná tá i dTír Chonaill abhus agus thall.
Ó! Bláth bán ár dtíre thú, a Shean-Dún na nGall.
Tá teanga ár sinsear á labhairt ann go fóill
Chomh milis binn blasta le hamhrán nó ceol
Na n-aingeal sna Flaithis gan smachtú gan smál,
Ó gráim go deo thú, a Shean-Dún na nGall.
Fad: 00:01:46 Éist
Ceolann sí amhrán “Beidh Aonach Amárach i gContae An Chláir”.
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Cé mhaith dom é, ní bheidh mé ann?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhuirnín ó ná héiligh é.
Níl tú a deich nó a haon déag fós
Níl tú a deich nó a haon déag fós
Níl tú a deich nó a haon déag fós
Nuair a bheidh tú trí déagbedh tú mór.
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhuirnín ó ná héiligh é.
B'fhearr liom féin mo ghréasaigh bróg
B'fhearr liom féin mo ghréasaigh bróg
B'fhearr liom féin mo ghréasaigh bróg
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir.
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhuirnín ó ná héiligh é.
Fad: 00:01:41 Éist